Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1962 61/62 bliana d'aois Maine, SAM |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Harvard - céim dochtúireachta (–1997) Acadamh Phillips Exeter |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | History of the United States (en) |
Gairm | staraí, tionchaire, iriseoir, scríbhneoir, múinteoir ollscoile |
Fostóir | Coláiste Bhostúin, ollamh (2011–) Ollscoil Massachusetts, Amherst (2004–2010) Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts, ollamh comhlach (1997–2002) |
Mac/iníon léinn de chuid | David Herbert Donald |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas | |
Is staraí Meiriceánach agus ollamh le stair ag Boston College í Heather Cox Richardson, áit a múineann sí cúrsaí ar Chogadh Cathartha Mheiriceá, Ré an Atógála, Iarthar Mheiriceá, agus Indiaigh na Machairí.[1] Roimhe sin mhúin sí stair ag MIT agus in Ollscoil Massachusetts Amherst.[2]
Tá sé leabhar ar stair agus ar pholaitíocht scríofa ag Richardson. Sa bhliain 2014, bhunaigh Richardson suíomh Gréasáin a bhfuil tóir air, werehistory.org. Idir 2017 agus 2018, bhí sí ina comh-óstach ar phodchraoladh NPR Freak Out and Carry On.[3] Le déanaí, thosaigh Richardson ag foilsiú "Letters from an American", nuachtlitir oíche a thugann cuntas ar imeachtaí reatha i gcomhthéacs níos níos mó, sé sin stair Mheiriceá.[4][5] D’fhabhraigh an nuachtlitir na mílte síntiúsóir, rud a d’fhág gurbh í, ó mhí na Nollag 2020, an t-údar aonair is rathúla d’fhoilseachán íoctha ar Substack.[6] Tá Richardson ina chomhóstach ar an bpodchraoladh Now & Then in éineacht leis an staraí eile Joanne B. Freeman.[7] I mí Feabhra 2022, chuir Richardson agallamh ar an Uachtarán Joe Biden.Heather Cox Richardson’s interview of Joe Biden made me feel better about Biden, the country and life in general
© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search